Éileoidh MetroLink go bhfaighfear go leor leasanna talún agus réadmhaoine in úinéireacht phoiblí agus phríobháideach araon lena n-áirítear raon réadmhaoine cónaithe agus tráchtála atá áitithe.
Gné lárnach den Straitéis seo, áfach, is ea rannpháirtíocht luath leis na daoine dá ndéantar difear sula ndeimhneofar an tOrdú Iarnróid agus sula seirbheálfar fógra gnóthaíochta mar iarracht chun measúnú a dhéanamh ar riachtanais iomlána na ndaoine dá ndéantar difear, a gcúinsí aonair a mheas agus, más féidir, teacht ar réamh-chomhaontú coinníollach. Maidir leis seo, tuigeann agus admhaíonn BIÉ a thábhachtaí atá sé d’úinéirí réadmhaoine cónaithe a bheith in ann a ngnóthaí a phleanáil leis an oiread fógra agus cinnteachta agus is féidir. Chuige sin, mar atá luaite, tá BIÉ ag cur tús le plé le húinéirí réadmhaoine a ndéantar difear dóibh sula ndaingneoidh an Bord Pleanála (“an Bord”) an tOrdú Iarnróid agus sula seirbheálfar fógra gnóthaíochta.
Féadfaidh tú féachaint ar Straitéis um Fháil Talún MetroLink 2022 chun tuilleadh a fhoghlaim.