Is píosa bunathraitheach de bhonneagar iompar poiblí é MetroLink, an chéad cheann dá shamhail in Éirinn. Beidh sé comhdhéanta d’iarnród meitreo ardlín paisinéirí, ardmhinicíochta, nua-aimseartha agus éifeachtach, le 16 stáisiún nua ag rith ó Shord go Charlemont. Nascfaidh an t-ailíniú seirbhísí Aerfort Bhaile Átha Cliath, Iarnród Éireann, DART, Bhus Átha Cliath agus Luas, agus cruthóidh sé líonra iompair phoiblí iomlán comhtháite i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath (GDA). Is féidir cóip d’ailíniú bealaigh an MetroLink a íoslódáil anseo.
Chomh maith leis na mórmhoil iompair a nascadh, nascfaidh MetroLink príomhchinn scríbe, lena n-áirítear Baile Munna, Ospidéal an Mater, Ospidéal an Rotunda, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (OCBÁC) agus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (TCD). Beidh go leor den bhealach 18.8 km faoin talamh, nuáil spleodrach d’iompar poiblí na hÉireann.
Iompróidh MetroLink suas le 53 milliún paisinéir go bliantúil, ag gearradh amanna turais as Sord go lár na cathrach chuig 25 nóiméad. Athróidh sé an chaoi a dtaistealaímid – agus an chaoi a mairimid.
Tabhair cuairt ar Ghailearaí Físeán MetroLink chun tuilleadh a fhoghlaim.
Freastalóidh MetroLink ar 16 stáisiún (15 stáisiún agus 1 stáisiún amach anseo ag Baile an Dairdisigh) ó Charlemont chuig an Inbhear díreach ó thuaidh ó Shord. Ní hamháin go n-úsáidfidh daoine a chónaíonn agus a oibríonn feadh na líne an MetroLink, ach úsáidfidh daoine a bhíonn ag comaitéireacht ó bhailte imeallacha é freisin. Cuirfear saoráid ilstórach don Pháirceáil & Taisteal ina mbeidh 3,000 spás ar fáil ag stáisiún an Inbhir do phaisinéirí a rachaidh ar an MetroLink ó bhailte imeallacha. Beidh paisinéirí in ann idirmhalartú freisin leis an MetroLink ag Stáisiúin Ghlas Naíon agus Shráid na Teamhrach. Freastalóidh MetroLink ar phaisinéirí a thagann chuig Aerfort Bhaile Átha Cliath trí rochtain thapa a thabhairt dóibh ar lár na cathrach.
· Íoslódáil leagan PDF den mhapa bealaigh anseo.
· Féach ar Mhapa Bealaigh Idirghníomhach MetroLink anseo.
· Is féidir teacht ar thuairisc iomlán ar bhealach an MetroLink anseo.
Áirítear ar thairbhí an MetroLink:
Cliceáil anseo le féachaint ar ár ngrafaic eolais faoi Phríomhfhíricí MetroLink.
Sainaithníodh MetroLink ar liosta príomhthionscadal sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030. Tá an tionscadal ailínithe go láidir le príomhbheartais agus cuspóirí rialtais, d’Éirinn agus ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.
Mar aon le gach tionscadal den scála seo, ní mór don tionscadal dul trí gach céim de phróiseas faofa an Rialtais. I mí Iúil 2022, d’fháiltigh foireann an MetroLink roimh fhaomhadh an Rialtais don Réamhchás Gnó don scéim. De bharr an fhaofa sin, bhí foireann MetroLink in ann Iarratas ar Ordú Iarnróid / Iarratas Pleanála a thaisceadh don scéim. Ní féidir le hobair thógála dul ar aghaidh ach nuair a bhronntar Ordú Iarnróid agus nuair a fhaightear faomhadh Rialtais don chás gnó.
Rinne Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) iarratas ar Ordú Iarnróid don tionscadal an 30 Meán Fómhair 2022. Is dócúil go nglacfaidh an próiseas pleanála leis an mBord Pleanála 12-18 mí le cur i gcrích. Nuair a bhronntar Ordú Iarnróid Infheidhmithe, is féidir le hobair tosú ar an suíomh. Tá coinne leis go nglacfaidh an obair thógála idir 6-8 mbliana le críochnú.
Tá na córais Luas agus MetroLink an-difriúil lena chéile agus níl na córais nasctha. Ní bheidh tramanna Luas in ann rith ar iarnród an MetroLink ná a mhalairt.
Cuirfidh scéim MetroLink agus an scéim BusConnects a bheartaítear lena chéile, agus nuair a sheachadfar iad beidh siad mar chuid de chóras iompair phoiblí comhtháite a mbeidh méadú ar úsáid ar fud na gcóras iompar poiblí uile, busanna san áireamh, dá thoradh.
Rinneadh measúnú ar Chraobhlíne Dart chuig Aerfort Bhaile Átha Cliath mar chuid de staidéar iompair Fhine Gall / Bhaile Átha Cliath Thuaidh (2015). Moladh réiteach meitreo (MetroLink) sa staidéar mar shainrogha do réiteach iompair phoiblí do Bhaile Átha Cliath Thuaidh.
D’fhonn tús a chur le hobair ar an tionscadal, teastaíonn an cead pleanála riachtanach ó Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ). I gcás MetroLink, faightear an cead pleanála sin trí iarratas a dhéanamh ar “Ordú Iarnróid” don scéim. Rinne BIÉ a iarratas ar Ordú Iarnróid an 30 Meán Fómhair 2022. Áirítear an méid a leanas ar na doiciméid tacaíochta a ghabhann leis an iarratas ar Ordú Iarnróid:
1. Dréacht den Ordú Iarnróid atá beartaithe, dar teideal “An tOrdú Iarnróid (MetroLink-An tInbhear go Charlemont trí Aerfort Bhaile Átha Cliath) [2022]”
2. Plean de na hoibreacha iarnróid atá beartaithe agus na ceanglais talún do na hoibreacha iarnróid;
3. Leabhar tagartha don phlean, ina léirítear céannacht úinéirí agus áititheoirí na dtailte a thuairiscítear sa phlean;
4. Tuarascáil Measúnachta Tionchair Timpeallachta (TMTT), ina gcuirtear anailís agus measúnú córasach ar fáil ar na héifeachtaí suntasacha de thionscadal a bheartaítear ar an timpeallacht ghlactha;
5. Ráiteas Tionchair Natura
Déanfaidh an Bord Pleanála athbhreithniú agus measúnú ar na doiciméid agus na líníochtaí sin uile mar aon le haon aiseolas/aighneachtaí a fhaightear ón bpobal mar chuid den phróiseas comhairliúcháin phoiblí reachtúil sula ndéantar cinneadh ar an Iarratas ar Ordú Iarnróid.
Is féidir an fógra nuachtáin (17 Meán Fómhair 2022) a bhaineann leis an Iarratas ar Ordú Iarnróid a fheiceáil anseo.
Is féidir an fógra nuachtáin (25 Samhain 2022) a bhaineann le síneadh a chur leis an tréimhse comhairliúcháin / spriocdháta aighneachtaí a fheiceáil anseo.
Cruinniú poiblí is ea éisteacht ó bhéal maidir le cás an Bhoird Pleanála ar féidir le duine ar bith freastal air, cé nach féidir le gach duine páirt a ghlacadh sa phlé. Is é an cuspóir a bhíonn le héisteacht ó bhéal deis a chruthú le haghaidh tuilleadh plé agus scrúdaithe ar cheisteanna ábhartha a d’fhéadfadh a theacht aníos i gcás os comhair an Bhoird Pleanála.
Tá sé de chumhacht ag Bord an Bhoird Pleanála cinneadh a dhéanamh ar cheart nó nár cheart éisteacht ó bhéal a reáchtáil in aon chás. Is iondúil go reáchtáiltear éisteachtaí ó bhéal maidir le:
o Cásanna bonneagair straitéisigh ar nós MetroLink;
o Cásanna achomhairc atá casta nó ina dtagann ceisteanna suntasacha náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla chun cinn;
o Orduithe ceannaigh éigeantaigh agus cásanna lena mbaineann; agus
o Cineálacha cásanna eile nuair a mheastar go bhfuil gá lena leithéid.
Breithneoidh an Bord Pleanála aon aighneachtaí ó aon daoine, arna ndéanamh i scríbhinn ón 7 Deireadh Fómhair 2022 go dtí 5.30pm an 16 Eanáir 2023 agus lena ngabhann táille €50 maidir leis an dréacht-Ordú Iarnróid, nó maidir leis na héifeachtaí is dócha a bheidh ag na hoibreacha iarnróid atá beartaithe ar an gcomhshaol agus na héifeachtaí suntasacha is dócha a bheidh ag na hoibreacha iarnróid atá beartaithe sa cheantar lena mbaineann ar Láithreáin Eorpacha, más ann dóibh. Níl an táille sin iníoctha ag comhlachtaí forordaithe áirithe nó ag daoine a bhféadfaí a dtailte a fháil faoin dréacht-Ordú Iarnróid.
Ní mór aighneachtaí a thaisceadh tráth nach déanaí ná 5.30pm ar an 16 Eanáir 2023 agus ní mór iad a sheoladh chuig: An Bord Pleanála, 64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 V902 agus iad marcáilte “Ordú Iarnróid (Metrolink-an tInbhear go Charlemont trí Aerfort Bhaile Átha Cliath) 2022”.
Is féidir aighneachtaí a dhéanamh freisin ar shuíomh gréasáin an Bhoird Pleanála ag an seoladh seo a leanas: An Bord Pleanála | Breithniú ar Iarratas ar Fhorbairt Straitéiseach Bonneagair (pleanala.ie)
Is é 314724 uimhir thagartha an cháis.
Dúnfar an comhairliúchán reachtúil an 16 Eanáir 2023.
Tar éis thosú an Ordaithe Iarnróid, féadfaidh Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) tús a chur leis an bpróiseas fála éigeantaí. Mar gheall ar scála an tionscadail, tá roinnt réadmhaoine atá faoi úinéireacht phoiblí agus phríobháideach a mbeidh tionchar orthu agus a mbeidh gá iad a fháil, go hiomlán nó go páirteach. Tá BIÉ údaraithe chun cearta a fháil i dtalamh nó aon fhostratam talún a shonraítear san Ordú Iarnróid, nó faoi nó os cionn na talún nó an fhostrataim sin.
Amharc ar ár Treoir maidir le hOrdú Ceannaigh Éigeantaigh (CPO) ina mínítear an próiseas níos mine.
Féadfar cóip den dréacht-Ordú Iarnróid agus den doiciméadacht a ghabhann leis an iarratas a iniúchadh saor in aisce le linn gnáthuaireanta oifige nó uaireanta oscailte ón 7 Deireadh Fómhair 2022 go dtí an 16 Eanáir 2023 ag na háiteanna seo a leanas:
1. Oifigí an Bhoird Pleanála ag 64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 V902;
2. Oifigí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ag Oifigí Cathartha, An Ché Adhmaid, Baile Átha Cliath 8, D08 RF3F;
3. Oifigí Chomhairle Contae Fhine Gall ag Halla an Chontae, an Phríomhshráid, Sord, Contae Bhaile Átha Cliath, K67 X8Y2;
4. Oifigí Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ), Ionad Gnó Gheata na Páirce, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath 8, D08 DK10;
5. Oifigí an Údaráis Náisiúnta Iompair (NTA) ag Dún Scéine, Lána Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, D02 WT20 (9:15 am – 4:00 pm Dé Luain go hAoine)
Féadfar an dréacht-Ordú Iarnróid agus an doiciméadacht a ghabhann leis an iarratas a fheiceáil ar líne ag: https://www.metrolinkro.ie
Áirítear an méid a leanas ar na doiciméid tacaíochta a ghabhann leis an iarratas ar Ordú Iarnróid:
1. Dréacht den Ordú Iarnróid atá beartaithe, dar teideal “An tOrdú Iarnróid (MetroLink-An tInbhear go Charlemont trí Aerfort Bhaile Átha Cliath) [2022]”
2. Plean de na hoibreacha iarnróid atá beartaithe agus na ceanglais talún do na hoibreacha iarnróid;
3. Leabhar tagartha don phlean, ina léirítear céannacht úinéirí agus áititheoirí na dtailte a thuairiscítear sa phlean;
4. Tuarascáil Measúnachta Tionchair Timpeallachta (TMTT), ina gcuirtear anailís agus measúnú córasach ar fáil ar na héifeachtaí suntasacha de thionscadal a bheartaítear ar an timpeallacht ghlactha;
5. Measúnú Tionchair Natura.
Tá an baol go ndéanfaí damáiste suntasach do réadmhaoin le linn na tógála an-íseal. Déanfar measúnú cúramach ar an mbaol damáiste i gcás na struchtúr uile atá laistigh den chrios san áit a mheastar go bhfuil féidearthacht go mbeadh éifeachtaí ó oibríochtaí tollánaithe. Déanfar suirbhéanna, forbrófar bearta cosanta do na struchtúir sin ar dóigh go ndéanfar difear dóibh agus déanfar faireachán ar fhoirgnimh le linn na tógála agus ar feadh tréimhse ina diaidh. Má tharlaíonn scoilteadh nó éifeachtaí eile, déanfar oibreacha feabhsúcháin oiriúnacha. Is é sin an cleachtas caighdeánach ar thionscadail tollánaithe ar fud an domhain.
Cinnteoidh Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) go bhfuil sásraí iomchuí i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar aon damáiste a d’fhéadfadh tarlú do réadmhaoin de bharr an tollánaithe. Tá BIÉ i mbun Scéim Cosanta d’Úinéirí Réadmhaoine (POPS) a bhunú do chónaitheoirí a bhfuil a réadmhaoin laistigh de thríocha méadar d’imeall na dtollán nó caoga méadar d’imlíne na stáisiún faoin talamh. Féach ceist 32 chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin Scéim Cosanta d’Úinéirí Réadmhaoine.
Beidh torann agus creathadh inbhraite le linn na tógála. Déantar measúnú ar thionchair torainn agus creathaidh sa Tuarascáil Measúnachta Tionchair Timpeallachta (TMTT) don tionscadal. Tabharfar breac-chuntas ar na teorainneacha torainn agus creathaidh sa TMTT agus is gá do gach conraitheoir atá ag obair thar ceann Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ) oibriú laistigh de na teorainneacha sin. Beidh rialuithe diana i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht ár gconraitheoirí le linn na tógála lena chinntiú go bhfuil siad ag obair laistigh de na teorainneacha a leagtar amach sa TMTT.
Is dóchúil go ndéanfar cuid den obair, go háirithe ar na tolláin, ó dhubh go dubh, chun éifeachtúlachtaí a bhaint amach agus chun an obair a choinneáil sábháilte i gcónaí.
Is é 7:00 am go 7:00 pm na gnáthuaireanta oibre atá beartaithe ina n-áirítear leathuair chun an suíomh a ullmhú ar maidin agus sa tráthnóna, a fhágann 11 uair an chloig oibre idir 7:30 am – 6:30 pm agus 7:00 am – 1:00 pm Dé Sathairn le leathuair tosaigh agus críochnaithe den chineál céanna san áireamh. Eisceacht a bheadh in obair lasmuigh de na huaireanta sin (e.g. doirteadh mór coincréite óna dteastaíonn níos mó ama).
Ní chreidimid go mbeidh gá le cúiteamh, go háirithe i gcás nach bhfuil aon fháil réadmhaoine dhíreach i gceist. I gcúinsí áirithe, d’fhéadfadh go mbeadh gá cóiríocht shealadach mhalartach a chur ar fáil do chónaitheoirí le linn gníomhaíochtaí tógála áirithe, ach ní bheidh gá leis sin ach amháin i gcás nach féidir an tionchar comhshaoil a bhfuil imní faoi a mhaolú (torann/creathadh). Níl coinne leis go mbeidh gá daoine a athlonnú go sealadach le linn na n-oibreacha ach líon an-bheag uaireanta.
Ní gnách cónaitheoirí a chúiteamh as suaitheadh de bharr tógála. Moltar sa Tuarascáil Measúnachta Tionchair Timpeallachta (TMTT) gur cheart bearta maolaithe a chur i bhfeidhm chun tionchair na tógála a laghdú.
Déanfar réamhanailís gluaiseachta talún chun measúnú a dhéanamh ar thionchar féideartha an tollánaithe ar gach foirgneamh lena n-áirítear iad siúd atá tógtha ar dhroch-bhunsraith / bhunsraith dhomhain. Tugtar le fios inár n-anailís reatha nach mbeidh drochthionchar ar na foirgnimh sin de bharr na n-oibríochtaí tollánaithe. Tabharfar toradh na hanailíse socraíochta talún agus aon bhearta maolaithe a bheartaítear sa Tuarascáil Measúnachta Tionchair Timpeallachta (TMTT).
Braitheann sé sin ar na coinníollacha talún agus ar an líon uaireanta tollánaithe a cheadaítear in aghaidh an lae. Má tá an tógáil cosúil le Tollán Chalafort Bhaile Átha Cliath, is dóchúil go gcloisfidh tú tolladh tolláin ar feadh trí seachtaine ar a mhéad ag teacht i dtreo réadmhaoine agus ar feadh trí seachtaine ag imeacht uaithi.
Scríobh Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) go díreach chuig gach sealbhóir tí a bhfuil a réadmhaoin os cionn ailíniú an tolláin. Beidh pleananna an ailínithe tolláin i gcoibhneas leis na réadmhaoine sin san iarratas ar Ordú Iarnróid.
Beidh doimhneacht an tolláin difriúil feadh an bhealaigh. Go ginearálta, is 20 méadar faoin talamh doimhneacht íosta rianta an MetroLink, a thugann fad 15 mhéadar ó bharr an tolláin chuig leibhéal na talún. Bíonn doimhneacht deiridh na dtollán in aon cheantar ar leith ag brath ar an anailís mhionsonraithe ar na coinníollacha talún.
Beidh tollán amháin ag MetroLink, le trastomhas timpeall 9.5m – 25% níos lú ná trastomhas ceann de na tolláin i dTollán Chalafort Bhaile Átha Cliath. Tomhaistear an tollán chun freastal ar an gcineál rothstoic a úsáidfear.
Cuirfear go mór le Faiche Stiabhna de bharr an stáisiúin MetroLink atá beartaithe agus méadófar éascaíocht inrochtaineachta chuig an gconláiste tábhachtach seo do shaoránaigh agus do chuairteoirí uile Bhaile Átha Cliath.
Fanfaidh os cionn 80% d’Fhaiche Stiabhna oscailte don phobal le linn na tógála agus déanfar an limistéar a theastaíonn chun an stáisiún a thógáil a chur ar ais ina iomláine tar éis na tógála.
Tá Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) ag obair go dlúth le hOifig na nOibreacha Poiblí agus leis an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil chun gach plean a fhorbairt d’Fhaiche Stiabhna.
Teastaíonn conair aerála ag Páirc Choláiste Ailbhe chun aer úr a chiorclú isteach sa tollán agus deatach a bhaint amach as i gcás neamhghnách tine.
Cuireann an chonair na feidhmeanna seo a leanas ar fáil:
o Beidh rochtain ag seirbhísí éigeandála ar an gcóras faoi thalamh i gcás éigeandála
o Cuirfear bealach sábháilte ar fáil do phaisinéirí le héalú ón tollán le linn éigeandála
o Cuideofar le baint deataigh a rialú / bhainistiú i gcásanna éigeandála
o Cuideofar le haerú a chur ar fáil do chompord paisinéirí le linn gnáthoibríochtaí laethúla agus
o Cuirfear faoiseamh séideáin ar fáil le linn ghnáthoibríocht na líne, ag cumasú gluaiseacht aeir isteach nó amach nuair a théann traein thar bráid
Déantar measúnú sa Tuarascáil Measúnachta Tionchair Timpeallachta (TMTT) ar na héifeachtaí a bhaineann leis an tógáil. Áirítear ansin an fhéidearthacht go ndí-áiteofaí gnáthóga fána le linn chéim na tógála. I gcás ina dteastaíonn bearta maolaithe, déanfar cur síos orthu sin sa TMTT.
Bhí scéim an-rathúil i bhfeidhm le déileáil le creimirí agus lotnaidí eile sa Luas Traschathrach agus déanfar amhlaidh i gcás an MetroLink.
Beidh oibleagáid ar an gconraitheoir cloí le rialuithe comhshaoil diana d’fhonn aon núis ó dheannach ar réadmhaoin in aice láimhe a mhaolú. Áireofar anseo forbairt agus cur i bhfeidhm Plean Bainistíochta Tógála Timpeallachta (CEMP) i gcomhréir le ISO 14001, caighdeán a nglactar leis go hidirnáisiúnta chun riosca comhshaoil a rialú. Áireofar sa Tuarascáil Measúnachta Tionchair Timpeallachta (TMTT) sraith chuimsitheach maoluithe a mbeidh ar an gconraitheoir cloí leo, lena n-áirítear cumhdach feithiclí agus úsáid saoráidí níocháin rotha. Déanfaidh Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) faireachán ar chomhlíonadh an chonraitheora leis na ceanglais seo.
Cuirfear isteach ar an trácht le linn oibreacha tógála agus ní féidir é sin a sheachaint mar gheall ar scála na scéime. Beidh Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) agus an tÚdarás Náisiúnta Iompair (NTA) ag obair go dlúth leis na húdaráis tráchta ábhartha, na cuideachtaí iompair bus agus na príomhpháirtithe leasmhara uile chun plean bainistíochta tráchta don scéim a fhorbairt. Déanfar iarracht tríd an bplean sin suaitheadh tráchta a íoslaghdú le linn na tógála agus beidh sé mar chuid den iarratas ar Ordú Iarnróid agus den Tuarascáil Measúnachta Tionchair Timpeallachta (TMTT) don scéim. Le linn na tógála, beidh BIÉ agus NTA ag dul i gcomhairle le cónaitheoirí áitiúla agus leasanna gnó chun pleananna bainistíochta tráchta a fhorbairt a mbeidh d’aidhm leo suaitheadh a íoslaghdú. Cuirfear nuálaíochtaí chuige sin a forbraíodh le linn thógáil Luas Traschathrach i bhfeidhm ar an tionscadal seo.
Diúscrófar an t-ábhar a bhaintear ó na tolláin ar bhealach inghlactha i leith an chomhshaoil i gcomhréir le straitéis bainistíochta dramhaíola na scéime. Sonrófar an straitéis sin san iarratas ar Ordú Iarnróid agus sa Tuarascáil Measúnachta Tionchair Timpeallachta (TMTT) don scéim.
Tá foireann dearaidh mhór ag Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) ina bhfuil raon iomlán speisialtóirí sna disciplíní uile is gá ag obair ar thionscadal MetroLink. Dhear ár n-innealtóirí tolláin i Londain a tógadh faoi fhoirgnimh Sheoirseacha leochaileacha agus foirgnimh ó thréimhsí níos túisce.
Tugtar le fios le taithí ó chathracha eile inar tógadh córais chosúla go méadóidh luach na réadmhaoine gar do líne Mheitreo (bíodh sí i dtollán nó ar an dromchla) nuair a bhíonn an Meitreo ag feidhmiú mar thoradh díreach ar an bhfeabhsúchán ar an gcóras iompair phoiblí. Is dóchúil go mbeidh an tionchar sin níos mó do na réadmhaoine is cóngaraí do na stáisiúin.
Rinneadh gach iarracht chun suaitheadh go ginearálta a choinneáil chuig an íosmhéid ach ní féidir roinnt suaite le seirbhísí iarnróid a sheachaint mar go gcruthóidh an tionscadal mol iompair phoiblí suntasach i nGlas Naíon. Breiseoidh Stáisiún nua Ghlas Naíon an líonra iompair phoiblí chomhtháite go suntasach trí nasc a chur ar fáil idir seirbhísí iarnróid príomhlíne agus Aerfort Bhaile Átha Cliath, Sord, seirbhísí Luas agus Dart agus BusConnects. Beidh gnóthachtáil shuntasach do phaisinéirí nuair a thosaíonn seirbhís MetroLink agus beifear buíoch as foighne custaiméirí fad is a bheidh an obair ar siúl.
Beidh línte iarnróid príomhlíne MGWR dúnta ar feadh 21 mí mar dhúnadh fadtéarma amháin. Dá thoradh, is féidir le comaitéirí líne MGWR idirmhalartú chuig an Luas ag Stáisiún Dhroichead Broome nó leanúint ar aghaidh chuig Stáisiún Uí Chonghaile le haghaidh traenacha idirchathrach, Luas agus seirbhísí bus áitiúla eile.
Ar an gcaoi chéanna, cuirfear isteach freisin ar Líne Chomaitéarachta an Iardheiscirt (Maigh Nuad agus Páirc an Fhionnuisce chuig Stáisiún Uí Chonghaile). Beidh dúnadh ar feadh tréimhse níos lú ná sé mhí i gceist; cinnfidh an conraitheoir an fad agus cuirfear an fhaisnéis in iúl in am trátha. B’fhéidir gur dúnadh níos giorra a bheidh ann agus déanfar gach iarracht an dúnadh a choimeád chomh gearr agus is féidir. Críochnóidh Líne Chomaitéarachta an Iardheiscirt ag Stáisiún Heuston agus beidh seirbhísí áitiúla eile ar thraenacha, Luas agus bus ar fáil do phaisinéirí le leanúint leis an gcuid eile dá dturas.
Cuirfear seirbhísí paisinéara breise Iarnród Éireann ar fáil ag an am agus oibreoidh MetroLink agus Iarnród Éireann go dlúth chun an tionchar ar phaisinéirí le linn na tréimhse a íoslaghdú. Cuirfear seirbhísí breise Luas agus Bus ar fáil freisin. Tabharfar fógra suntasach do chomaitéirí roimh an dúnadh ríthábhachtach seo.
Bhunaigh BIÉ Scéim Cosanta d’Úinéirí Réadmhaoine (POPS). Cuireadh í sin i bhfeidhm chun aon imní a bheadh ar úinéirí réadmhaoine cónaithí príobháidí faoi dhamáiste féideartha dá réadmhaoin a mhaolú, i gcás ina bhfuil a réadmhaoin lonnaithe gar d’ailíniú MetroLink.
Scéim dheonach, neamhcheangailteach, saor in aisce is ea Scéim Cosanta d’Úinéirí Réadmhaoine (POPS) MetroLink trínar féidir le húinéirí tí (i.e. úinéirí réadmhaoine cónaithí) agus cuideachtaí bainistíochta úinéara (i ndáil le limistéir chónaithe choiteanna) a réadmhaoin a chlárú leis an Scéim. Tá an Scéim seo ar fáil d’úinéirí tí, i gcás ina bhfuil a réadmhaoin:
(a) tríocha (30) méadar lasmuigh d’imeall ailíniú an tolláin, nó
(b) tríocha (30) méadar lasmuigh d’imeall struchtúr claisbhealaigh nó gearrtha agus cumhdaithe, nó
(c) laistigh de chaoga (50) méadar de struchtúir stáisiúin faoi thalamh.
Tabhair faoi deara freisin i gcás ina síníonn an comhrian socraithe 1mm níos faide ná na teorainneacha thuas (tagraíonn TMTT Aguisín A5.17), cuireadh síneadh le teorainn POPS dá réir.
Tá Léarscáileanna Teorann POPS Nuashonraithe (6 Márta 2024) ar fáil anseo.
Tá, níl aon chostas bainteach le clárú don Scéim.
Taifead grianghraif agus scríofa a bheidh sa suirbhé ar bhail faoi bhail na réadmhaoine. Sainaithneofar ann faisnéis ghinearálta, tabharfar breac-chuntas agus barúil ann ar an mbail agus tarraingeofar aird shoiléir ar aon ghnéithe íogaire inmheánacha agus seachtracha de gach réadmhaoin agus aon scoilteadh nó damáiste reatha eile.
Braithfidh fad na suirbhéanna ar mhéid agus ar chineál na réadmhaoine. Mar sin féin, níl coinne leis go nglacfaidh na suirbhéanna níos faide ná uair nó dhó le cur i gcrích.
Déanfar na suirbhéanna chomh gar agus is féidir do thús na tógála. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach féidir leis an tógáil tosú go dtí go ndeonaíonn an Bord Pleanála Ordú Iarnróid Infheidhmithe.
Ní féidir. Tá an painéal suirbhéirí bunaithe ag BIÉ tar éis próiseas tairisceana foirmiúil. Beidh ar an bpainéal feidhmiú go neamhchlaonta. Dá mba mhian leat suirbhéir a úsáid nach bhfuil ar an bpainéal, chaithfí é sin a dhéanamh ar do chostas féin.
Tá an Scéim seo ar fáil d’úinéirí tí, i gcás ina bhfuil a réadmhaoin:
(a) tríocha (30) méadar lasmuigh d’imeall ailíniú an tolláin, nó
(b) tríocha (30) méadar lasmuigh d’imeall struchtúr claisbhealaigh agus gearrtha agus cumhdaithe, nó
(c) laistigh de chaoga (50) méadar de struchtúir stáisiúin.
Tabhair faoi deara freisin i gcás ina síníonn an comhrian socraithe 1mm níos faide ná na teorainneacha thuas (tagraíonn TMTT Aguisín A5.17), cuireadh síneadh le teorainn POPS dá réir.
Tá Léarscáileanna Teorann POPS Nuashonraithe (6 Márta 2024) ar fáil anseo.
Tá POPS ar fáil freisin do thiarnaí talún réadmhaoine cónaithe.
Má shíleann tú go bhfuil do réadmhaoin laistigh de theorainneacha ábhartha Ailíniú Bhealach MetroLink, agus nár áiríodh sa Scéim í, déan teagmháil le 1800 333 777 nó pops@metrolink.ie.
Níl, tá an Scéim srianta do réadmhaoin chónaithe. Mar sin féin, má tá eintiteas tráchtála atá mar chuid den réadmhaoin déanfar suirbhéireacht air seo freisin mar chuid den Scéim. Mar shampla, tá réadmhaoin ina bhfuil áit chónaithe thuas staighre agus aonad miondíola ar leibhéal na talún incháilithe don Scéim.
Níl sé i gceist ag BIÉ Scéim Cosanta d’Úinéirí Réadmhaoine a chur i bhfeidhm do Réadmhaoin Tráchtála feadh bhealach MetroLink. Chun réadmhaoin tráchtála a chosaint, coimisiúnóidh conraitheoirí BIÉ a ceapadh chun na hoibreacha a dhéanamh, le comhaontú úinéirí réadmhaoine tráchtála den sórt sin, suirbhéirí tógála cairte chun suirbhé ar an mbail roimh ré a dhéanamh ar réadmhaoin tráchtála.
I gcás ina gcinntear gur tharla damáiste, beidh ar chonraitheoir BIÉ suirbhé leantach a choimisiúnú chun méid an damáiste a dheimhniú agus lena dheimhniú ar tharla an damáiste mar gheall ar oibreacha MetroLink. I gcás ina ndeimhnítear gur tharla damáiste réadmhaoine mar gheall ar oibreacha MetroLink, beidh fáil ag an réadmhaoin lena mbaineann ar árachais tionscadail MetroLink.
Mura roghnaíonn tú ón bpainéal suirbhéirí tógála, roghnóidh BIÉ ceann duit ar bhonn rothlach dian sula dtosaíonn na hoibreacha tógála lena chinntiú go mbunaítear taifid chearta.
Má thugann tú athrú faoi deara le do réadmhaoin le linn na tógála, ba cheart duit fógra a thabhairt do BIÉ gan mhoill. Dá luaithe a shainaithnítear an cheist, is ea is éasca a bheidh sé an chúis a chinneadh agus an cás a réiteach. Déanfaidh an chuideachta suirbhéirí tógála a roghnaigh tú i dtosach aon suirbhé ar bhail a spreagtar mar gheall ar an bhfógra seo, agus eiseofar tuarascáil ar shuirbhé eatramhach duit agus do BIÉ.
Sa chás sin, tar éis suirbhé eatramhach ar bhail agus iniúchtaí eile de réir mar is gá, déanfaidh gnólacht na suirbhéirí measúnú ar cibé ar tharla aon damáiste, ar tharla an damáiste de bharr oibreacha MetroLink, agus cé na céimeanna is gá chun an damáiste a leigheas. Molfaidh an suirbhéir, más iomchuí, deisiúcháin le réadmhaoin úinéara chun damáiste de bharr oibreacha MetroLink a cheartú.
Cuirfidh BIÉ i bhfeidhm an moladh sin go pras le comhaontú an úinéara tí. Má thugann úinéir tí aon athruithe eile inchurtha le tógáil MetroLink faoi deara, is féidir le húinéir tí éileamh ar leithligh a dhéanamh ar dhamáiste breise a rinneadh trí na céimeanna thuasluaite a úsáid. Ba cheart a thabhairt faoi deara faoin Scéim nár cheart do chostas iomlán éilimh an úinéara tí ar dhamáiste a bheith níos mó ná €75,000.
Tá an Scéim Cosanta d’Úinéirí Réadmhaoine sa bhreis ar chearta dlíthiúla reatha úinéirí réadmhaoine agus tá sí i bhfeidhm chun bealach simplí, pras a chur ar fáil chun aon damáiste a dhéantar de bharr Thionscadal MetroLink a cheart suas chuig uasteorainn €75,000.
Má mholtar sa suirbhé eatramhach nó sa suirbhé deiridh ar bhail a dhéanann an suirbhéir tógála a cheaptar go ndéanfaí deisiúcháin ar do réadmhaoin chun damáiste de bharr oibreacha MetroLink a cheartú agus má chosnaíonn na deisiúcháin sin suas le €75,000, cuirfimid an moladh sin i bhfeidhm go pras le do chomhaontú. Déanfaidh conraitheoir na deisiúcháin seo ag am a fheileann daoibh beirt.
Déanfaidh conraitheoirí a cheapann BIÉ aon deisiúcháin a shainaithnítear chomh luath agus is féidir ag am atá feiliúnach daoibh beirt.
Dá mba mhian leat do chonraitheoir féin a úsáid nach bhfuil ar phainéal deisitheoirí BIÉ, chaithfí é sin a dhéanamh ar do chostas féin.
Fanfaidh an Scéim i bhfeidhm ar feadh 12 mhí tar éis an Líne MetroLink a oscailt do phaisinéirí.
Tá tú incháilithe. Áireofar sa Scéim anois teach i gcás ina bhfuil an teach ceangailte go díreach leis an teach incháilithe don Scéim.
Níl, níl ach tithe atá ceangailte go díreach incháilithe.
Tá, má tá do theach ceangailte go díreach le réadmhaoin atá incháilithe le clárú le POPS.
Bunóidh BIÉ Próiseas Réitigh Díospóidí chun aon cheist a thagann aníos a réiteach. Bunófar é seo sula dtosaíonn an tógáil. I gcás ina dtarlódh díospóid, ceapfaidh Institiúid Innealtóirí na hÉireann saineolaí neamhspleách le feidhmiú mar Mholtóir Saineolach Neamhspleách, a chumhachtófar chun cinneadh deiridh a eisiúint i ndáil le haon díospóid.
Beidh an Moltóir Saineolach Neamhspleách iomlán neamhspleách ó BIÉ agus déanfaidh siad cinneadh maidir le teidlíochtaí an úinéara tí faoi POPS. Beidh aon chinneadh a dhéanann an Moltóir Saineolach Neamhspleách críochnaitheach agus ceangailteach ar BIÉ. Mar sin féin, beidh an t-úinéir tí i dteideal rogha a dhéanamh glacadh nó gan glacadh leis an gcinneadh deiridh. Má roghnaíonn an t-úinéir tí gan glacadh leis an gcinneadh deiridh, féadfaidh an t-úinéir tí gach leigheas dlíthiúil lasmuigh de POPS a úsáid.
Ní dhéantar difear ar bith do na cearta dlíthiúla atá agat faoi láthair ná ní bhaintear an bonn díobh toisc go bhfuil tú ag glacadh páirte in POPS. Níl aon oibleagáid ar úinéirí tí go ndéanfaí an díospóid a réiteach sa Phróiseas Réitigh Díospóidí neamhspleách seo, dá mba mhian leo an cheist a leanúint trí na gnáthnósanna imeachta dlíthiúla.
Tá, is féidir le cuideachtaí bainistíochta úinéirí (i ndáil le limistéir choiteanna chónaithe) a réadmhaoin a chlárú i gcás ina bhfuil sí:
(a) tríocha (30) méadar lasmuigh d’imeall ailíniú an tolláin, nó
(b) tríocha (30) méadar lasmuigh d’imeall struchtúr claisbhealaigh agus gearrtha agus cumhdaithe, nó
(c) laistigh de chaoga (50) méadar de struchtúir stáisiúin.
Déanfaidh Speisialtóir Caomhnaithe an suirbhé seo.
Ní féidir. Ní bheidh sé indéanta dóibh siúd nach gcláraíonn leis an Scéim clárú i ndiaidh d’oibreacha tógála MetroLink tosú i do cheantar mar go bhfuil suirbhé ar an mbail roimh ré ag teastáil.
Aithníonn Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) agus an tÚdarás Náisiúnta Iompair (NTA) go mb’fhéidir go gceapfadh grúpaí cónaitheoirí go bhfuil roinnt gnéithe de phróiseas an Ordaithe Iarnróid an-teicniúil agus tá próiseas socraithe acu chun cuidiú le grúpaí cónaitheoirí dearaí teicniúla, líníochtaí, etc., a léirmhíniú agus chun a bhfreagraí a chur le chéile.
Ceapadh an Saineolaí Innealtóireachta Neamhspleách, a mhaoiníonn an tionscadal ina iomláine, tar éis próiseas tairisceana iomaíoch inar áiríodh comhalta neamhspleách den phainéal roghnúcháin. Tá cuntas teiste an-láidir ag RINA in oibriú ar fud an domhain ar mhórthionscadail iompair mar Innealtóirí Neamhspleácha.
Déanfaidh RINA athbhreithniú ar an Tuarascáil Measúnachta Tionchair Timpeallachta (TMTT) thar ceann grúpaí cónaitheoirí agus cabhróidh siad leis na cónaitheoirí a n-aighneachtaí faoin Ordú Iarnróid a ullmhú.
Is féidir teacht ar an tuairisc ar sheirbhísí an tSaineolaí Innealtóireachta Neamhspleách anseo.
Rinneadh teagmháil le grúpaí cónaitheoirí agus tugadh cuireadh dóibh leas a bhaint as an tseirbhís seo.
Ní féidir tuar a dhéanamh ar chostais go dtí go mbeidh na socruithe deiridh don tionscadal sách soiléir, agus nuair a chuirtear an dearadh ar aghaidh sách fada le go gceadaítear measúnú réadúil ceart ar na bunchostais. Féach Ceist 59 thíos ina bhfiosraítear réimse na gcostas agus cur chuige Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ) agus an Údaráis Náisiúnta Iompair (NTA) i leith creat láidir agus iontaofa a chur ar fáil le déileáil le tuar ar chostais MetroLink.
Aicmítear MetroLink mar “olltionscadal” – fiontar mórscála, casta a chosnaíonn €1 bhilliún nó níos mó de ghnáth; a ghlacann go leor blianta le forbairt agus le tógáil; a mbíonn go leor páirtithe leasmhara poiblí agus príobháideacha páirteach ann; atá claochlaitheach agus a thugann tairbhí do go leor daoine.
Tá sé tábhachtach sula ndéantar cinneadh deiridh dul ar aghaidh leis an MetroLink go bhforbraítear tuar costais láidir. Próiseas dúshlánach atá ann tuar costais a dhéanamh d’olltionscadal aonuaire nuair a thugtar rioscaí agus neamhchinnteachtaí san áireamh. Ní mór dúinn brath ar shonraí bailí agus iontaofa ó thionscadail idirnáisiúnta atá críochnaithe. Cinnteoimid go nglactar leis an gcleachtas is fearr chun an tuar raonchostais deiridh a fhorbairt, seachas brath go haonarach ar mhodheolaíochtaí meastacháin traidisiúnta.
I mí Dheireadh Fómhair 2020, chuir Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) tús le comhoibriú leis an Ollamh Bent Flyvbjerg agus leis an Dr Alexander Budzier.
Le cúnamh ó Oxford Global Projects agus rochtain ar a bhunachar sonraí de thorthaí tionscadail roimhe seo den chineál céanna, cuirfimid cur chuige cuimsitheach i bhfeidhm le costais tionscadail a thuar. Cinnteoidh sé sin go mbeidh an fhaisnéis is fearr maidir le tuar costais ar fáil do chinnteoirí an Rialtais. Nuair is gá cinntí deiridh a dhéanamh faoin tionscadal, áireofar an fhaisnéis sin uile sa chás gnó.
Glacfaidh sé 25 nóiméad taisteal ó Shord chuig lár na cathrach agus 20 nóiméad le taisteal ó lár na cathrach chuig Aerfort Bhaile Átha Cliath.
Rithfidh an MetroLink gach cúpla nóiméad ó luath ar maidin go dtí deireanach sa tráthnóna, cosúil leis an Luas. Is dóchúil go dtosóidh an tseirbhís ag buaic-mhinicíocht gach ceithre go cúig nóiméad agus go méadóidh sé de réir mar a mhéadaíonn éileamh paisinéirí chuig gach 90 soicind ag an mbuaic-am.
Is leis an Údarás Náisiúnta Iompair (NTA) an struchtúr táillí a shocrú mar gurb iad sin a rialaíonn táillí do sholáthraithe iompair phoiblí. Socrófar táillí MetroLink i bhfad níos gaire don am oscailte.
Ní cheadóidh beartas MetroLink rothair a iompar ar na carráistí Meitreo, dearfar na stáisiúin agus na traenacha chun freastal ar rothair. Tá an beartas seo faoi réir comhairliúchán le páirtithe leasmhara, áfach.
Tá sé de chumas ag an gcóras feidhmiú ar bhonn 24 uair an chloig, ach tá sé beartaithe go bhfeidhmeoidh an córas idir 5:30 am agus 12:30 am, seacht lá na seachtaine.
Beidh sé d’acmhainn ag MetroLink 20,000 paisinéir a iompar sa dá threo in aghaidh na huaire ar deireadh.
Is é príomhchuspóir MetroLink seirbhís iompair phoiblí inbhuanaithe, shábháilte, éifeachtach, chomhtháite agus inrochtana a sholáthar idir Sord, Aerfort Bhaile Átha Cliath agus Lár Chathair Bhaile Átha Cliath, ag cruthú príomhchnámh droma den chóras iompair phoiblí comhtháite atá beartaithe do Bhaile Átha Cliath ina n-áirítear tionscadail Bus, DART+ agus BusConnects.
Níl aon drochthionchair sláinte ag baint le línte cumhachta an MetroLink. Ina theannta sin, ní bheidh an rian ná na línte cumhachta don MetroLink inrochtana in aon chor do phaisinéirí ná do bhaill eile an phobail, rud a chuirfidh níos mó leis an tsábháilteacht.
Déanfar measúnú iomlán ar na tionchair ar shláinte an duine de bharr thógáil agus oibríocht MetroLink agus sonrófar iad sa Tuarascáil Measúnachta Tionchair Timpeallachta (TMTT).
Déantar measúnú sa Tuarascáil Measúnachta Tionchair Timpeallachta (TMTT) ar na héifeachtaí a bhaineann le hoibríochtaí. Áirítear anseo an cumas do thorann agus creathadh de bharr ghluaiseacht na bhfeithiclí meitreo. I gcás inar dóchúil go mbeidh na tionchair suntasach agus go mbeidh gá le bearta maolaithe, déanfar cur síos orthu sa TMTT.
Féadfaidh tú féachaint ar Bheartas Torainn MetroLink chun tuilleadh a fhoghlaim.