Bhunaigh BIÉ Scéim Cosanta d’Úinéirí Réadmhaoine (POPS). Cuireadh í sin i bhfeidhm chun aon imní a bheadh ar úinéirí réadmhaoine cónaithí príobháidí faoi dhamáiste féideartha dá réadmhaoin a mhaolú, i gcás ina bhfuil a réadmhaoin lonnaithe gar d’ailíniú MetroLink.
Scéim dheonach, neamhcheangailteach, saor in aisce is ea Scéim Cosanta d’Úinéirí Réadmhaoine (POPS) MetroLink trínar féidir le húinéirí tí (i.e. úinéirí réadmhaoine cónaithí) agus cuideachtaí bainistíochta úinéara (i ndáil le limistéir chónaithe choiteanna) a réadmhaoin a chlárú leis an Scéim. Tá an Scéim seo ar fáil d’úinéirí tí, i gcás ina bhfuil a réadmhaoin:
(a) tríocha (30) méadar lasmuigh d’imeall ailíniú an tolláin, nó
(b) tríocha (30) méadar lasmuigh d’imeall struchtúr claisbhealaigh nó gearrtha agus cumhdaithe, nó
(c) laistigh de chaoga (50) méadar de struchtúir stáisiúin faoi thalamh.
Tabhair faoi deara freisin i gcás ina síníonn an comhrian socraithe 1mm níos faide ná na teorainneacha thuas (dá dtagraítear in TMTT Aguisín A5.17), cuireadh síneadh le teorainn POPS dá réir.
Má tá do réadmhaoin ceangailte go díreach le teach atá incháilithe do POPS, beidh tusa freisin incháilithe do POPS. Ciallaíonn sé sin, má tá teach leathscoite amháin in POPS, go bhfuil an teach leathscoite eile ceangailte go díreach leis incháilithe freisin anois do POPS. Ina theannta sin, má tá réadmhaoin amháin i léibheann san áireamh cheana féin in POPS, tá an teach díreach in aice láimhe sa léibheann sin incháilithe anois le haghaidh POPS.
Tá an Scéim srianta do réadmhaoin chónaithe agus tiarnaí talún réadmhaoine cónaithe. Mar sin féin, má tá eintiteas tráchtála atá mar chuid de réadmhaoin chónaithe déanfar suirbhéireacht air seo freisin mar chuid den Scéim. Mar shampla, tá réadmhaoin ina bhfuil áit chónaithe thuas staighre agus aonad miondíola ar leibhéal na talún incháilithe don Scéim.
Tá Léarscáileanna Teorann Nuashonraithe POPS (06 Márta 2024) ar fáil anseo.
Cén chaoi a n-oibreoidh sé go praiticiúil?
Bhunaigh BIÉ painéal de thrí ghnólacht neamhspleácha de shuirbhéirí tógála. Nuair a chláraíonn tú leis an Scéim, tabharfar cuireadh duit an gnólacht suirbhéirí tógála a roghnú ón bpainéal suirbhéirí tógála (agus má tá réadmhaoin cháilitheach maidir le Taifead ar Dhéanmhais Chosanta, déanfaidh Speisialtóir Caomhnaithe an suirbhé seo).
Déanfaidh an gnólacht seo suirbhé baile tosaigh ar do réadmhaoin chónaithe sula dtosaíonn an tógáil. Tar éis dóibh an suirbhé baile tosaigh a chur i gcrích, eiseoidh siad tuarascáil an tsuirbhé baile tosaigh sin duit agus do BIÉ.
Má mheasann úinéir tí, le linn oibreacha MetroLink, go dteastaíonn suirbhé baile eatramhach, cuirfidh úinéir an tí BIÉ ar an eolas faoi seo agus na cúiseanna leis. Ansin, tabharfar cuireadh don úinéir tí rogha a dhéanamh ón bpainéal suirbhéirí tógála, agus déanfaidh an suirbhéir a cheaptar an suirbhé agus eiseoidh sé é sin don úinéir tí agus do BIÉ.
Tar éis na tógála, déanfaidh an gnólacht suirbhéirí tógála a roghnaigh tú ag tús na Scéime suirbhé baile deiridh ar do réadmhaoin chónaithe. Tar éis dóibh an suirbhé baile deiridh a dhéanamh, eiseoidh siad tuarascáil an tsuirbhé deiridh duit agus do BIÉ.
Fanfaidh an Scéim i bhfeidhm ar feadh dhá mhí dhéag tar éis an Líne MetroLink a oscailt do phaisinéirí.
Na chéad chéimeanna eile
Tá Bonneagar Iompair Éireann ag leanúint de bheith ag plé le húinéirí réadmhaoine incháilithe i ndáil leis an Scéim.
Níos gaire do thús thógáil MetroLink i do cheantar, tabharfar tuilleadh fógraí agus nuashonruithe, agus (murar chláraigh tú cheana féin) beidh deis agat an gnólacht suirbhéirí tógála a roghnú ón bpainéal de thrí ghnólacht neamhspleácha de shuirbhéirí tógála. Ansin, tabharfar cuireadh duit an gnólacht suirbhéirí tógála is rogha leat a roghnú agus déanfaidh siad teagmháil leat go díreach chun socruithe a dhéanamh chun an suirbhé baile tosaigh a dhéanamh sula dtosaíonn an tógáil.
Faisnéis bhreise
Scéim Cosanta d’Úinéirí Réadmhaoine MetroLink - Nuashonraithe 06 Márta 2024
Léarscáileanna Teorann POPS Nuashonraithe - Nuashonraithe 06 Márta 2024
Ceisteanna Coitianta MetroLink chun níos mó a fhoghlaim.
Déan teagmháil linn
Ar ríomhphost chuig pops@metrolink.ie nó trí shaorghlao ag 1800 333 777.
Déanfar faisnéis maidir le POPS a nuashonrú ó am go ham, chun soiléireacht bhreise a thabhairt don phobal maidir le hoibriú na Scéime, nuair is gá.